Friday, September 4, 2009

Sasanaigh Amach as Fear Manach

(English version follows.)

Bhailigh cuid ghníomhaígh éirígí in Inis Ceathlainn Dé Domhnaigh [30ú Lúnasa] le teachtaireacht a thabhairt do láithreacht Arm Shasana sa bhaile – tógaigí oraibh as Éirinn.

Rinne na gníomhaígh a slí chuig an bhunáit RIR/TA sa bhaile i gcondae Fhear Manach agus chuir póstaeir in airde leis an mhana Britain Out Of Ireland – Saoirse Anois.

Tharla an agóid faoi chúlra an ardú i ngníomhaíocht mhíleata na Breataine i bhFear Manach, a chuimsigh eachtra le déanaí inar choinnigh aonad faoi cheilt beirt fhear faoi dhíriú gunna sular dearnadh ruathar ar thithe agus cuireadh an ceantar faoi smacht míleata.

Dúirt rúnaí ginearálta éirígí Breandán Mac Cionnaith: “Bhí an agóid seo oiriúnach go háirithe leis tuairimíocht iomadúil faoi láithreacht ardaithe arm Shasana sna Sé Chondae.

“Is ar chodanna de Fhear Manach a tháinig meáchan oibríochtaí arm Shasana ar na mallaibh, ag nochtadh na fírinne nach raibh i gcríoch Operation Banner in 2007 ach réiteach an bhóthair do láithreacht athnuaithe agus ghníomhach arm Shasana san oirthuaisceart.

“Tá seasamh éirígí sothuigthe: níl fáilte roimh arm Shasana in aon chuid d’Éirinn, is cuma an riocht agus an cúinse.”

Chríochnaigh Breandán: “Sna míonna le teacht, beidh éirígí ag cur dlús lena bhfeachtas in éadan riail na Breataine, téimid faoi bhráid an phobail bheith linn in atógáil frithbheartaíochta coiteann in éadan na forghabhála.”

Brits Out of Fermanagh

A number of éirígí activists gathered in Enniskillen on Sunday [August 30] to deliver a message to the British army presence in the town – get out of Ireland.

The activists made their way to the Royal Irish Regiment-Territorial Army base in the County Fermanagh town and erected posters bearing the slogan Britain Out Of Ireland – Saoirse Anois.

The protest came against a backdrop of increasing British military activity in Fermanagh, including a recent incident where two men were held at gunpoint by an undercover unit before homes were raided and the area was put under military control.

éirígí general secretary Breandán Mac Cionnaith said: “This protest was especially pertinent given the increasing speculation about an increased British army presence in the Six Counties.

“Parts of Fermanagh have already borne the brunt of British army operations in recent months, exposing the fact that the ending of Operation Banner in 2007 merely facilitated a renewed and active British army presence in the North.

“éirígí’s position is simple: the British army is not welcome in any part of Ireland, under any guise, under any circumstances.”

Breandán concluded: “In the coming months, éirígí will be stepping up its campaign against British rule, we appeal for people to join us in rebuilding popular resistance to the occupation.”

No comments:

Post a Comment