Friday, September 4, 2009

Cruinnithe faoin spéir sa Chlochán Liath faoi Chonradh Liospóin

(English version follows.)

Ag labhairt ag cruinniú eagraithe ag éirígí sa Chlochán Liath ag éileamh ar vóta Níl sa reifreann i mí Dheireadh Fómhair, dúirt eagraí Cheardchumann Neamhspleách na nOibrithe Tommy McKearney nach bhfuil sé de ghustal ag Éirinn ligeant don Eoraip talamh slán a dhéanamh dá comhlíonadh.

“Le ceann de na daonraí agus eacnamaíochtaí is lú san Aontas Eorpach, ní féidir le hÉirinn cáil a fháil ó chomhlíonadh i gcónaí nuair a ordaíonn na stáit mhóra é sin a dhéanamh agus sin an rud a tharlóidh má athraíonn muid an cinneadh tógtha ag ár ndaoine in 2008,” dúirt sé.

Tommy McKearney agus Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig

Bhí an cruinniú sin ar cheann de sraith chruinnithe iarAifrinn curtha ar siúl lasmuigh de eaglasi chaitliceach an Chlocháin Liath oíche Dé Sathairn agus maidin Dé Domhnaigh [29-30ú Lúnasa]. Labhair urlabhraí éirígí Thír Chonaill Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig ag na cruinnithe freisin.

“Cuimhnigh,” lean McKearney, “dá mba rud é gur athraíodh an conradh seo go mór ó dhiúltaigh muid é in 2008, bheadh ar phobail an Aontais Eorpaigh vóta a chaitheamh air arís. Tá muid, mar sin, ag vótáil ar an chonradh céanna. Seo conradh a dhéanann leatrom ar oibrithe agus i bhfábhar na mbaincéirí, amhantraithe agus gnóthaí móra trí thacú le hiomaíocht roimh shaothar.

“Cén fáth, an dóigh leat, go bhfuil Michael O’Leary ag infheistiú €500,000 san fheachtas Tá?” arsa McKearney.

Dúirt sé go bhfuil páirtithe na bunaíochta atá ag tabhairt comhairle dúinn vótáil Tá ag tabhairt le tuiscint go gcuirfear amach as an Aontas Eorpach muid agus go mbeidh muid brúite amach ón Euro má theipeann orainn sin a dhéanamh.

“Tá sé seo bréagach amach is amach,” arsa é.

“Ní féidir muid a dhíbirt agus muid ag feidhmiú ár gceart daonlathach Níl a rá agus ní chaillfidh muid an Euro trí dhiúltú don chonradh seo.

“Breithnigh gur iad na páirtithe comhrialtais atá ag tabhairt comhairle dúinn ar vótáil, na daoine oll-neamhinniúlacha céanna atá i gceannas ar thubaiste ár ngeilleagair agus atá meáite anois ar reachtaíocht NAMA a thógaint isteach chun na baincéirí agus na hamhantraithe a tharrtháil agus iad tar éis an méad sin a dhéanamh chun muid go léir a scrios.”

Chríochnaigh sé ag rá gur bhain muintir na hÉireann úsáid as a ndea-chiall agus dhiúltaigh siad bulaíocht an uair dheireanach a vótalaíodh ar an chonradh seo agus gur chóir dúinn an rud céanna a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair.

Open Air meetings in Dungloe on Lisbon Treaty

Tommy McKearneySpeaking at a meeting organised by éirígí in Dungloe to call for a No vote in October’s Lisbon referendum, Independent Workers’ Union organiser Tommy McKearney said that Ireland cannot afford to allow the European Union take its compliance for granted.

“With one of the smallest populations and economies in the European Union, Ireland must not earn a reputation for meekly rolling over when ordered to do so by the bigger states and that is what will happen if we change the decision delivered by our people in 2008,” McKearney said.

The meeting was one of a series of after mass meetings held outside Dungloe catholic church on Saturday and Sunday [August 29-30]. Donegal éirígí spokesperson Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig also addressed the meetings.

“Let us remind ourselves,” McKearney continued, “that if this Treaty had been significantly altered since we rejected it in 2008, the peoples of the EU would have had to vote on it again. We are, therefore, voting on the same treaty. A treaty that by endorsing the right of competition over that of labour, discriminates against workers and in favour of bankers, speculators and big business.

“Why do you think Michael O’Leary is investing €500,000 in the Yes campaign?” McKearney asked.

He said that the establishment parties advising people to vote yes are implying that if they fail to do so, the Twenty-Six Counties will be expelled from the EU and forced out of the Euro.

“That is simply untrue,” he said.

“We cannot be expelled for exercising our democratic right to say No and we shall not lose the Euro for objection to this treaty.

“Don’t lose sight of the fact that the coalition parties now advising us on how to vote are the same grossly incompetent people that have presided over the collapse of our economy and are now hell bent on introducing the NAMA legislation in order to rescue the bankers and speculators who have done so much to ruin us all.”

McKearney concluded by saying that people in the Twenty-Six Counties had used their good sense and refused to be bullied the last time the Treaty was voted on and they should do the same again in October.

No comments:

Post a Comment